An Músgraigheach
An Músgraigheach 1, Meitheamh, 1943
Ár Sgéal Féin
Lch 1
Ní hí an Éire seo an Éire a bhí anallód ann, acht Éire lucht Béarla,
adubhairt an file fadó, agus nách cead domh-sa an chainnt sin do chasadh beagán agus a rádh le fírinne id taobh formhór na Gaeluinne atá anois 'nár measc: Ní hí an Ghaeluinn seo an Ghaeluinn a bhí anallód ann, acht Gaeluinn lucht Béarla! I dtaobh amuigh den Ghaeltacht is é an Béarla atá mar theangain dúchais ag an muinntir atá ag gabháil don Ghaeluinn, agus an chuid againn go raibh sé de sheans orainn an Ghaeluinn d'fhagháil ó dhúchas, tá measgán mearaidhe orainn agus anál an Bhéarla ag dul fúinn 'nár n-aimhdheoin. Ní hiongna, mar sin, gan againn ach measgán canamhain, agus blas an Bhéarla ar ár gcainnt. Tá cruinneas agus gontacht agus líomhthacht na seana-Ghaelgeoirí i n-easnamh orainn.
Lch 2
An aoir do dhein an tAthair Liam Inglis ar leastar an Bhráthar is breá oireamhnuigheann sí Gaeluinn an lae indiu.
Do thriall leastar don bhaile seo i dtáimse
Go hÁrd an Gheata, 's is tapa do meádhadh é;
Ní raibh cine 'san chruinne nach táinig
Ag éileamh a ndathanna a' leastar an bhráthar.
Na síoga uaine do buadhadh le Clár Luirc
I dtaobh a harmais machaire is cláirseach,
Na síoga dearga Sasana ráinig,
Is rí na Fraíngce na síoga bána.
Na síoga buidhe fuair rí na Spáinne,
Is rug rí Lochlann an gorm go breágh leis,
An roinn bhí odhar fuair foghlaigh Áifric
'S an chuid do bearradh de chum madra thárla.(Cois na Bríde lch. 27)
Níl Cúige na [sic] canamhain ná féadfadh teacht agus a dhath féin d'éileamh as an leastar so na Gaeluinne, agus is baoghal liom gurb í síog dhearg an Bhéarla an tsíog is leithne dhíobh go léir. Níl aon locht agam ar Ghaeluinn aon Chúige, faid a choinnightear í go glan neamh-thruaillighthe. Má tá sé i ndán don teangain náisiúnta maireachtaint agus leathanú amach ar fuaid na tíre, oirfidh cainnt gach Cúige dhi, agus raghaidh na canamhainí i bhfeidhm ar a chéile de bharr coidrimh Ghaelgeoirí oilte ar a chéile. Ach sgéal eile ar fad is eadh é nuair a mheasgann gach aon dallachán na canamhainí trí-na-chéile gan áird ar dhúchas ná ar léigheann ach ar nós an Bhráthar do bhailigh an t-im.
Tá gasra beag de Ghaelgeoirí ó Mhúsgraighe anso i mBaile Átha Cliath. Daoine óga an chuid is mó acu, agus ana-shuim acu á chur i gcúrsaí teangan. Tá urraim acu don Ghaeluinn agus meas acu uirthe, an Ghaeluinn do chleacht a muinntir agus a sínnsir ós na cianta. Do bheartuigheadar so 'na n-aigne go ndéanfaidís dícheall ar a gcanamhain féin do shaothrú, ach nuair a bhreithnigheadar an sgéal go cruinn, do thuigeadar ná raibh acu ach an chaol-chuid den chruinneas ba dhual dóibh. Do thuigeadar gur beag an brí a bheadh lena gcuid oibre go dtí go mbeadh dlúth-theangabháil acu lena chéile, agus go mór mór lena muinntir sa bhaile gur fhan an teanga acu gan measgadh gan truailliú. Do bhraitheadar go raibh a lán Músgraigheach eile ar fuaid na tíre agus iad sa riocht chéadna, agus go raghadh teangabháil agus páirtíocht eolais chun tairfe dhóibh go léir, amuigh is i mbaile.
Ag cuimhneamh dóibh ar chúrsaí an bhaile, ba léir dóibh, fóiríor, go raibh tobar fíor-ghlan na Gaeluinne ag dul i ndísg i Músgraighe féin: na sean-daoine á gcur sa chill agus an líomhthacht acu á bhreith leo; an deisbhéalacht ag imtheacht agus draibhlis cainnte ag fás 'na h-inead; na haosóga dall ar shaidhbhreas a n-oighreachta agus druim lámha acu á thabhairt léi. Ba...
Lch 3
...léir gur mhithid an meath do chosg agus aosóga Mhúsgraighe do mhealladh chun suime chur 'na gcanamhain féin, agus nar mhisde a chur ar a súilibh dóíbh cad é mar aithis a bheadh tuillte ag an nglúin seo dá leogaidís di bás d'fhagháil. Is é mo thuairim féin nár mhisde an rud céadna do chur ar a súilibh d'aosóga gach Gaeltachta i nÉirinn. Dá gcuirtí, níor bhaoghal don teangain.
Ar na smaointe sin do tháinig an Cumann nua so agus An Músgraigheach mar cheangal idir na daoine atá páirteach ann. Do hiarradh orm-sa bheith im cheann ar an gCumann - im cheann chríonna ar ghuaillibh óga
- agus do thoiligheas chuige toisc an dian-ghádh atá leis an obair atá beartuighthe ag na Cáirde. Ach ar éigin is ceart Cumann a thabhairt ar an gcnósach Gaedheal so, trá 's ná beidh riaghlacha ná bun-reacht ná cruinnighthe acu; páirtíocht eolais agus páirtíocht oibre atá uatha, agus beidh An Músgraigheach acu mar láthair aonaigh mar a bhféadfaid siad aithne chur ar a chéile, agus a smaointe do nochtadh dá chéile.
Níl agam-sa le déanamh ach mo bheannacht do thabhairt don dream atá ag dul i mbun na hoibre, rud a dheinim go fonnmhar. Deireadh an tAthair Peadair go raibh lámh Dé i n-obair na Gaeluinne. Go dtugaidh an Tréanlámh chéadna san neart dos na Cáirdibh, agus go raibh Barra naomhtha á gcaoinleacht
agus Gobnait múinte Bhaile Mhúirne 'na gcúram.
Tadhg Ó Scanaill
Focal ón Eagarthóir
Rud leat-sa an Bulletín seo, a chara. Ar mhaithe leat-sa atá sé á fhoillsiú. Má ta aon cheist ag déanamh buartha dhuit, cuir chúinn í, agus déanfam iarracht ar í réidhteach. Má ta aon eolas agat a raghadh chun tairfe dos na Cáirde, seol chúinn é. Ba mhaith an rud é an gléas foghraidheachta d'úsáid chun fuaimeanna do chur i n-úil.
Tá cathú orm ná beidh againn i mbliana ach trí Bhulletín. Bhí sé mó 's déanach nuair iarramair cead ar Roinn na Soláthairtí, agus ní bhfuaramair i gcóir na chéad ráithe é.
- An Músgraigheach 1: Clár
- An Músgraigheach: Leathanach Fáiltithe