An Músgraigheach
An Músgraigheach 2, Fóghmhar, 1943
Anois an t-Am
Lch 1
Anois an t-am, ca bhfuil an duine?
Más fíor dos na Múirnigh é, siné glaodh a chuireann an Solán as, gach re tamall. Agus an té go bhfuil cluas le héisteacht air, ní deirim ná go gcloisfeadh sé do ghnáth an port céadna ar siubhal ag ár dteangain dúchais. Ach cad é mar dheifir atá idir an dá ghlór! Glór borb bagarthach ag an Solán: glór íseal maille-bhreathach ag an nGaeluinn. Toghailidheacht agus tollamhóire a bhíonn i nglór na habhann nuair a bhíonn an t-ampla uirthe chun daoine do shlogadh. Ach meirtneachas agus maoithneachas is eadh d'aireofá i nglór na Gaeluinne, agus í ag éigheamh agus ag osnuigheal agus á ímpidhe ar dhaoine teacht i gcabhair uirthe agus í shaoradh ón mbás.
Is fada ar an dtrádán san an Ghaeluinn, agus is beag ná go bhfuil sí dulta chun mí-dhóchais ar fad. Leath-chéad bliadhan ó...
Lch 2
...shin, nuair a cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun, do héisteadh léi, tamall, agus tháinig dhá oiread croidhe agus uchtaigh di. D'árduigh sí a glór agus do labhair amach go dána láidir. Do shíl sí go raibh rith an ráis léi. Ach fóríor! an spionnadh beag do tháinig i gcradhthacha a clainne an uair sin, tá sé i n-eireaball a nirt anois. Is baoghal ná fuil i ndán di feasta ach an bás, agus gurb é a bheidh le rádh ag lucht seanchais ar ball i dtaobh saothair an Chonnartha ná ná raibh ann ach bloscadh an bháis.
Más fíor an méid sin i dtaobh na Gaeluinne go coitianta, is fíre go mór é i dtaobh Ghaeluinne Mhúsgraighe. Níl amhras ná go bhfuil sí ag tuitim agus ag connlú i n-aghaidh na bliana. Ní fada eile a bheidh sí ann i n-aon chor mara leighistear go grod a galar báis. Anois an t-am,
adeir sí linn, an fhaid atá scriothartach ionnam. Beidh sé ró-dhéidheannach amáireach nuair a bhead ag tabhairt an fhéir.
Agus ca bhfuil an duine? Ní duine ach triúr a bhíonn ón Solán nuiar a thagann airc air. Agus ní duine ná triúr oirfidh don Ghaeluinn chun í chur ar láimh shábhála, ach meitheal d'fharairí eolgaiseacha dúthrachtacha.
Ní mór 'om admháil go gcuireann sé díombáidh agus ceann-fé orainn a righne atá an obair seo atá idir lámhaibh againn ag dul chun cinn. I n-inead na sluaighte go raibh fáilte againn rómpa agus súil againn le hiad do teacht isteach 'nár gcumann, níor bhailigh chughainn ach meitheal bheag de Cháirdibh,meitheal nár leor i n-aon chor chun na h-oibre choinneáilt ar siubhal. Agus rud is measa ná san, is deallruightheach nár chuir na Cáirde atá againn aon tsuim cheart sa Bhulletín. Ní bhfuaramair ach cúpla leitir á mholadh. Ní bhfuaramair aon cheann i n-aon chor á cháineadh, agus is olc an comhartha é sin. Is é an t-uaigneas i n-inead an imris é. Agus is ró-bheag a tháinig de thoradh ar ár gcuid ceisteanna, bíodh nách foláir nú tá daoine éigin ann fhéadfadh iad do réidhteach. Is deocair a rádh cad fé ndear soce'cu leisge nú neamh-fhonn nú cúthaileacht.
Ach tusa, a chara, ní héidir gur ag gabháil uime t'fhocal ataoi. Ó cheangalais páirt linn san iarracht so, tá de dhualgas ort an Ghaeluinn do chleachtadh go coitianta, congnamh a thabhairt dos na Cáirde eile chun eolais bheacht do chur uirthe, agus daoine eile do spriocadh chun í fhoghluim agus a shaothrú. B'éidir gur cúthail ataoi. Máiseadh, tuig gurb é fear an mhisnigh amháin a dheineann gníomh. Agus gníomh is eadh oireann anois. Misneach maith ort, dá bhrí sin. Dírigh le flosg ar an obair atá ag feitheamh leat. Anois an t-am agus is tusa an duine!
AN FEAR EAGAIR.
- An Músgraigheach 2: Clár
- An Músgraigheach: Leathanach Fáiltithe