An Músgraigheach
An Músgraigheach 2, Fóghmhar, 1943
Eolas Á Lorg
Lch 20
1. Ag Séamas Lankford. Cad é an rud é Aistear na bhfíorbhocht
? D'airigheas an méid seo fadó: Dá dtagadh duine bocht
isteach i dtigh trís na páirceanna go tigh ar lorg déirce, ba cheart déirc a thabhairt chuige, nuair a bhí aistear na bhfíorbhocht déanta aige.
Is deallruightheach gur briseadh nóis éigin an t-aistear. Tá teacht thairis sa ghiota so im dhiaidh, leis:
Mo dhá sgeimhle, agus is é
Aistear na bhfíorbhocht
Agus briseadh na saoire,
Agus uisge na díge
Agus trosgadh na hAoine
D'fhág me ar an slighe seo
Ag siubhal na drúchta.
Lch 21
2. Ag Diarmuid Ó Duinn.
Is beag orm Domhnach gan dínnéar,
Is beag orm círéip ar chaille.
Is beag orm bean óg gan náire.
Is beag orm gaige gan éifeacht.
Goidé an chíréip seo ar chaille?
3. Ag Stiabhna Ó hÉigeartaigh. An bhféadfadh éinne an rann so a mhíniú dhom. Ó Mháire Chonchubhair Uí Loingsigh d'airigheas é.
Fuigheall cuide gan altú
Ar aon ghealbhan den tír seo.
Agus nár lugha ar Dhia duine gan altú
Ná ar aon ghealbhan an síol so.
4. Ag an bhFear Eagair. Nuair a cuirtar -ín le focal, ní hannamh i n-aon chor fhanann an focal leathan; m.sh., poll-ín, bean-ín. Uaireannta nuair is bain-innscne don bhun-fhocal fanann an focal nua baininnscneach; m.sh. páircín bheagmo pháircín fhéir gan gearradh,
bóín mhaol. Agus uaireannta eile cloistear -íne sa tuiseal geineamhneach; m.sh., caillichíne. Ba mhaith liom somplaí eile des na nithe sin go léir a fhagháil.
- An Músgraigheach 2: Clár
- An Músgraigheach: Leathanach Fáiltithe