An Músgraigheach
An Músgraigheach 3, Nodlaig, 1943
Riabh Domhain Gort an Acra
Lch 20
Insa seachtmhadh aois déag ceann de dhroch-bhéasaibh na hÉireann dob eadh bheith ag fuadach ban go mbíodh airgead agus stór ar an dtaobh thiar díobh. San aimsir seo tháinig lucht leanamhna Chromaill agus a muinntir fé ghéin Chúige Mumhan. Bhíodar ag marbhú agus ag scrios rómpa gan truagh gan taise. Bhuaileadar cath i Maghchromtha i n-áit 'nar marbhuigheadh trí mhíle Gaedheal. Chuir san eagla ar na daoinibh mór-thímpal: chuadar ag teicheadh i ngleanntaibh agus i gcoilltibh. Bhailigheadar leo a gcuid stóir, agus bhí an talamh lom lomanochta gan bó gan caoíra 'na ndiaidh ar feadh mórán aimsire.
Do thárla san don mhuinntir a chomhnuigh i dtuath-bhaile Gort an Acra i mBaile Mhúirne. Bhí san mar sin ar feadh abhfad, gur casadh ann duine iasachta bhí ar a theicheadh dho féin. Chonnaic sé an áit folamh gan duine gan daona, agus do bhunaigh sé ann.
Chuir sé gach aon treó air féin chun maireachtaint ann. Fuair sé stoc thall 's abhfus: ba agus capaill. Bhailigh sé chuige fir is mná mar sheirbhísigh. Bhí Brúsgar Ó Broin mar áilteoir aige. Bhí Breiceallach Ó Buachalla ag treabhadh agus ag fuirse aige. Bhí Breasal Ó Cathasa mar aodhaire ann, agus a chleith-ailpín aige. Bhí Bannda Ní Uidhir mar bhean-tighe, agus Maighréad Ní Ghealbháin agus Cáit Ní Chlúbháin mar chailíní ag cabhrú léi.
Duine greannmhar ab eadh é féin. Bhí sé óg lúthmhar láidir, ach bhí sé dorcha ciúin, gan puinn cainnte aige. Ní bhíodh aon úngáil air ach go hannamh. Tíoránach dob eadh é 'na mheon: nuair a thabharfadh sé órdú uaidh caithfí rud a dhéanamh air gan mhoill, bhí sé chomh tréan san in' intinn. Do rith a thásg ar fuaid na dúithche, agus leis sin deirtí mar ghnáth-fhocal: Tá sé chomh tréan le Riabh Domhain Gort an Acra.
Deirtí é seo le fear nú le buachaill a bheadh ceann-tréan.
Do thuig muinntir an tighe an méid seo go maith, agus nuair a bhailighdís i dteannta chéile istoidhche bhídís ag cur is ag cúiteamh agus ag innsint sgéalta pléisiúrtha féachaint an mbainfidís fáth an gháire as.
Ní raibh aon aidhm pósta aige. Bhíodh fear siubhail ag glaodhach chúcha agus uatha. D'innseadh sé mórán sgéalta dhóibh, agus go mór mór ar thréithe cailín óig a chomhnuigh i nGleann Fleisge, inghean a bhí ag Ó Donnchadha an Ghleanna. D'innseadh sé dhóibh, dá mhéid...
Lch 21
...a réim agus a huaisleacht, conus a dheineadh sí gnó ag crúth bó ar maidin agus istoidhche le cois na gcailíní aimsire a bhí aice, agus gurabh é an ainm a bhí uirthe ná Lasairfhíona.
Nuair airigheadh Riabh Domhain an sgéal so, gháireadh sé go mion agus go minic, agus aon uair a ghlaodhadh an stróinséir, bhíodh fáilte agus fiche roimis chun fanamhaint i gcomhair na hoidhche. D'innseadh sé an sgéal airís don líntighe, agus d'aontuigheadh Maighréad Ní Ghealbháin leis go raibh aithne aice féin ar an gcailín, agus deireadh gur bhreá deagh-ghnóthach an bhean í d'fhear a gheobhadh le pósadh í. Mar sin dóibh. Do gháireadh Riabh Domhain ós árd, agus fé dheire do thuit sé i ngrádh léi gan í fheisgint i n-aonchor.
Bhíodar mar seo tamall ag caitheamh aimsire dhóibh féin. Tháinig smaoineamh dá aigne tráthnóna breá samhraidh an bhean uasal so d'fhuadach agus í thabhairt leis abhaile mar bhain-chéile dho féin. Leis sin d'órduigh sé do Bhreasal Ó Cathasa agus do Bhrúsgar Ó Broin trí ghearrán capaill d'fhagháil ullamh i gcomhair bóthair agus dul fé ghéin an teaghlaigh. Bhí san déanta go tapaidh, agus le buidhe gréine d'eirigheadar suas slinneán Gort an Acra, síos le fánaidh an Mhúirne Bhig, anonn tré Pholl an Ghabhair, suas Doirín Áluinn, as san go teorainn an chonntae, agus níor stad cos dóibh chun gur shroiseadar Cill Átha, an áit go bhfeacadar Lasairfhíona ag crúth bó i measg a cuid cailíní. Mar bhí Riabh Domhain luath láidir do léim sé chúiche agus thóg sé í 'na bhaclainn ar bhéalaibh an ghearráin. Buailid an bóthar go luaimneach. Níor fhás puinn féir fé na gcosaibh chun gur shroiseadar Gort an Acra, an áit go raibh fáilte agus fiche rómpa ag an líntighe.
San aimsir seo bhí na dlighthe péineamhla i bhfeidhm, agus ba ghnáthach le sagart dárbh' ainm Diarmuid Ó Cróinín Aifreann do léighe ag Móinteán an Aifrinn, a bhí ar aghaidh an tighe amach ar an dtaobh thall Dubhghlais. Leis sin do thóg Riabh Domhain agus a líntighe an cailín óg ar maidin amáireach agus do pósadh an bheirt le deithneas. D'fhilleadar abhaile go sítheach grádhach, agus bhí an ainnir sásta leis an athrú saoghail do bhí aice. Bhí an baile go léir aice agus dathad bó bainne aice ag teacht go dtí an machaire ar maidin 's istoidhche.
Ní mar sin a bhí a hathair, ceann fine Uí Dhonnchadha. Bhí sé ag gol agus ag caoineadh i ndiaidh a inghine ar feadh bliana, chun gur bhuail fear sidhe leis adubhairt gurbh iad an sluagh sidhe d'árduigh leo í agus go raibh sí 'na comhnuidhe i lios Gort an Acra. Chuir so fonn agus faitchíos air sar ar dhein sé aon ní den sgéal.
Maidean shamhraidh tímpal na haimsire céadna do casadh fear siubhail chúcha isteach nuair a bhí Lasairfhíona ag cur críche ar a cuid stuic. D'fhéach sé mór-thimpal agus d'infhiúch sé an bhean go géar. D'aithin sé í, agus níor fhéad sé gan an rann so do rádh:
Mo thruagh, mo chreach, mo bhrón,
Lasairfhíona ag crúth bó,
Agus Lasairfhíona ag gréasaidhe bróg!
Lch 22
Bhí Riabh Domhain ag éisteacht leis agus é ag deisiú brógmar do dheineadh gach éinne a bhróga féin an uair sin. Do tháinig eagla agus fearg air a rádh go raibh sé faghálta amach. Bhuail sé an duine bocht le buille den mháinléad anuas ar mhullach a chinn agus do shín sé ar an úrlár é. Thóg na cailíní é, agus thugadar aire agus friothálamh do ar feadh seachtaine. Chonnacthas dóibh go raibh sé ag dul chun deiridh agus go bhfaghadh sé bás. Leis sin, d'fhiafruigheadar de cérbh é féin nú cárbh as é. Dubhairt seisean an bhéarsa so mar fhreagra:
Mise Cathal Ó Dúbhda a bhí go súgach seach,
Nuair a chonnac-sa mo rún ag crúth na mba.
Fé dheire do fuair sé bás agus do dheineadar é thórramh. Dhein Brúsgar Ó Broin an chomhra dho, agus d'árduigheadar leo é i gcomhrac lae agus oidhche. Dheineadar uaigh o, láimh le Droichidín Chúil an Mhothair, agus tá Uaigh an Duine Mhairbh mar ainm ar an áit fos.
Faid a bhí an sgéal so ar siubhal bhí Ó Donnchadha an Ghleanna ag bailiú fear chun lios Gort an Acra a chuardach. Gluaisighid leo agus tagaid ann. Chuardaigheadar síos agus suas de ach ní bhfuaradar í. Chonnaic Riabh Domhain iad. Tháinig truagh dho dhóibh. Bhuail sé úmpa, agus d'innis sé an sgéal tríd síos, conus a bhí sí aige féin. D'fhanadar ann ar feadh seachtaine agus dheineadar síothcháin. Bhí clann ag an mbeirt, agus chuadar san isteach i n-arm na Spáinne.
- An Músgraigheach 3: Clár
- An Músgraigheach: Leathanach Fáiltithe