An Músgraigheach
An Músgraigheach 5, Samhradh, 1944
Seanchaidheacht
Lch 13
Do bhí bean ann aon uair amháin go raibh beirt pháistí aice agus cúpla ab eadh iad. Ní raibh aon toirt ionta, ná aon bhreis ag teacht ortha. Bhídís ag gol i ló agus istoidhche, agus ag bladhraigh agus ag béicigh. Bhí sí marbh acu.
Do bhí muinntir a' tighe imthighthe ar a' bport lá a' baint mhóna, agus do bhí uirthi an dínnéar a bhreith a' triall ortha. Ní fhéadfadh sí imtheacht ón dtigh ages na gárlaigh mura mbeadh go raibh táilliúir ag obair ar an mbórd a' déanamh culaith édaigh d'fhear a' tighe. Do thug sí braon bainne dhóibh, agus chuir sí isteach sa chliabhán iad. Do chuir sí an cliabhán síos ansa phárlús, agus dubhairt sí leis a' dtáilliúir súil a bheith ar fuaid a' tighe aige an fhaid a bheadh sí amuigh. Dubhairt sé go mbeadh.
Amach léi. Min choirce agus bainne reamhar a bhí aice i gcóir a ndínnéir. Ní raibh sí imthighthe ach cúpla neomat nuair a stop an gol go léir a bhí ages na gearrcaigh, agus d'airigh an táiliúir na trithí gáiridhe ag an mbeirt. D'fhiafruigh duine acu den duine eile: a bhfeacaís-se riamh biadh braimilleoige á bhreith ar port?
Ní fheaca,
ar seisean.
Lch 14
Bhí an táiliúir ag ésiteacht leo, agus bhí iongnadh a chroidhe air. D'éaluigh sé síos go dtí dorus a' rúma chun go mbeadh fhios aige cruinn ar bh'iad a bhí a' cainnt. Do phreab duine acu amach ar an úrlár as an gcliabhán agus le na linn sin thairric a' duine eile bheidhlín chuige agus do dhírigh sé ar é sheinnt.
Seinnfidh mé Port Cumaighre dhuit,
ar seisean. Bhí duine acu a' seinnt agus an duine eile a' rínnce ar a chroidhe-dhícheall, nuair airgheadar fothram chútha. Bhí an mháthair ag teacht.
Chaitheadar uatha an spórt, agus do phreabadar isteach sa chliabhán airís, agus do chromadar ar lógóireacht. Do phreab a' táilliúir anáirde ar a' mbórd mar a raibh sé roimis sin, agus do bhí iongnadh a chroidhe air.
Ó, mhuise,
ars an mháthair, tá mo chroidhe briste agaibh riamh ó chonnac sibh.
Bhí an táiliúir ag teacht chuige féin. Phreab sé anuas den bhórd agus do riug sé ar shluaistín na luaithe agus do sháidh sé isteach sa teine é, i bhfad isteach leis. Bhí sí sin a' tindeáil ar na gearrcaigh t'réis teacht isteach, agus ansan am go raibh sí ullamh leo do bhí an tsluasad croidhreacnách beag ar dearg-lasadh. Nuair a tháinig sí aníos airís chuige: Táim marbh acu,
ar sise, tá mo chroidhe briste acu.
Mo thruagh thu, a bhean bhocht,
ar seisean, tánn tú marbh acu, ach tá an leigheas ana-athchomair go léir duit.
Seo,
ar seisean, tá dhá iarlais agat agus is agam-sa atá a fhios. An fhaid a bhí-se[sic] amuich, ceol agus rínnce agus caitheamh-aimsire agus gáiridhe a bhí ag an mbeirt. Bhí duine acu ag seinnt agus duine acu ag rínnce agus bhíos-sa a' faire ortha. B'fhearra dhuit iad do chur chun siubhail i n-am. Síos leat, agus tóg leat é seo
a' síneadh na sluaiste chúithiagus dein cruinn díreach anonn ortha; buail anuas ar a dtóin í, agus cuirfe mé geall leat go scriosfa siad agus go dtiocfaidh do chlann féin chút.
Do rug sí ar an sluasaid agus do rith sí síos. Nuair a chonnaiceadar chútha í do liúghadar agus do bhéiceadar. Láithreach bonn do phreabadar as an cliabhán agus iad a' baint a' dorais dá chéile, agus ise 'na ndiaidh ar séideadh agus an sluaistín na dorn aici. Ach do dhearmhaid sí iad agus ní fheadair sí gár ghabhadar, nuair a chonnaic sí 'na coinnibh isteach dhá gharsún bhreátha láidire ghlana, agus iad ag gáiridhe, agus dubhradar: táimíd tagaithe.
Bhí na fáiltí go léir aici rúmpa, mar bhí fhios aice gur bh'iad a clann féin a bhí tagaithe chúithe, agus go raibh na hiarlaisí imthighthe. Ní miste a rádh ná go raibh buidheachas aice ar a' dtáilliúir, mar is é chuir ar a' mbóthar í chun iad a ruagairt.
(Eibhlís bean Sheáin Uí Chróinín d'innis. Ní raibh aon mhíniú aice ar an mbiadh braimilleoige
ná ar an bPort Comaighre. Ní fheadar an mbeadh an míniú ag caraid éigin).
Lch 15
Do bhíodh sprid á feiscint i n-áiteannaibh roimis seo, agus is minic a mhairbh sí daoine. Ach bhí fear ag siubhal oidhche ar ócáid éigin agus do bhuail sí uime. Do sheasaimh sí os a chomhair amach agus dubhairt sí
Coinneal is coinnleoir ann,
Agus ca bhfuil a leath-rann san?
Dá réidhteochadh éinne an cheist di, sin a raibh uaithe. Agus dá mba's gur rud é ná réidhteochadh sé an cheist, mhairbheochadh sí é.
Bhí sé i bpúnc, ach dubhairt sé:
Cuileann a baineadh um Shamhain
á chuir mar cheann ar thigh.
Dubhairt sí ná déanfadh san an gnó, agus go dtabharfadh sí seans eile dho. Chuir sí an cheist airís chuige.
Muileann is uisge 'gá cheann,
'S é a' scillige thall 's abhfus,
ar seisean.
Chuir sí an cheist airís chuige.
B'fhearra dhuit dul go Flaithis Dé i n-am
Ná bheith it shamhail annsan,
adubhairt seisean an turus so.
Ar iompáil na baise bhí sí imthighthe, agus ní fheacathas a thuille í as san amach.
(An bhean uasal chéadna d'innis.)
Do chuaidh sean-duine ón mBonán go dtí an Cóbh len inghin. Bhí sí ag dul go Meiricea. Bhí ana-stoirm ann an lá céadna agus do bhrís cábla na luinge le neart na stoirme. Bhí an sean-duine ag féachaint air, agus sidé adubhairt sé:
Mo shlán chút, a shúgáin an Bhonáin an fhionnáin na dtrí gcor.
Dá mbeitheá-sa ag ceangal na loinge seo is fada go mbrisfá.
(Pádraig Ó Cuíll d'aithris.)
Sé mo léir-chreach,
Is níor thuit fós an mheas [sic]
A fhásfadh an tslat
A dhéanfaidh cliabhán don fhear
A réidhteochaidh mo bheart.
Is mar sin do labhair an fear a bhí ag déanamh a Phurgadóireachta cois claidhe oidhche ghlas seaca.
(Máire Ní Bhuachalla, Barr D'ínse do sholáthruigh.)
- An Músgraigheach 5: Clár
- An Músgraigheach: Leathanach Fáiltithe