Músgraí.com

Fáilthe go Músgraí

An Músgraigheach

An Músgraigheach 6, Fóghmhar, 1944

An Chéad Rann dár dheineas

Lch 24

Bhíos féin agus m'athair ag obair i dtigh Dhiarmuid Ruaidh Uí Bhuachalla lá. Bhí buachaill aimsire ag an mBuachallach a bhí ag suirghe le cailín, agus do labhair an máistir leis an mbuachaill mar seo:

A Dhiarmuid Sheáin Ghruamdha, a bhuachaill bhoicht,
Taoi ar mearbhall muar 's is truagh do thoisc,
Ó gheallais an duais do Bhlack ach í fhuadach
Go raghfá do ruaig ó thuaidh go Poc.
Is ó 'bhean a' tighe ná bíodh buaireamh ort.

Úncail don c[h]ailín go dtugtaí Domhnall Dubh air ab eadh Black, agus dhein an file amach go raibh breab ag an mbuachaill á thabhairt do ach comhairle thabhairt di éalú leis féin.

D'fhreagair m'athair ansan:

Caithfidh an Gruamdhach stuama stop
Sa bhaile gan ghruaim mar ar dhual dá stoc.
Tháinig fearg ró-mhuar air nuair airigh sé an duain sin,
Mar b'fhada leis uaidh ó thuaidh an Poc.
Is ó 'bhean a' tighe ná bíodh buaireamh ort.

Bhí an fhilíocht ag rith im cheann le tamall roimis sin, ach ní riabh aon rann ceapaithe agam, go dtí gur labhras ag freagairt don bheirt, agus go ndubhart:

Do ghlacas-sa truagh don bhuachaill bhocht,
Dá ghreadadh go cruaidh ón gcluais go cois
Ag aicme na nduan gan taise dá dhuadh,
Mar asal dá ruagadh ó thuaidh go Poc,
Agus ó 'bhean a' tighe ná bíodh buaireamh ort.

Ní rabhas ach tímpal ceathair déag nú cúig déag de bhlianaibh an uair sin.

GAEDHEAL NA nGAEDHEAL.