Músgraí.com

Fáilthe go Músgraí

An Músgraigheach

Uimh. 7, Nodlaig, 1944

Pádruig Ó Loingsigh - Pead Buidhe

Lch 6

Samhluigheann a lán daoine gur Chiarraigheach gurbh eadh Pead Buidhe, ach níorbh eadh. Is fíor gur thug sé furmhór a shaoghail i gCiarraighe, ach is ar Cúil (i mbarra Ghort na Tiobradan i mBaile Mhúirne) a rugadh é. Pádruig Beag a thugthí ar a athair, agus de mhuinntir Chruadhlaoich ab eadh a mháthair.

Ní raibh puinn de ghréithre an tsaoghail acu, agus bhí muirghean mhór [sic] ortha. D'aistrigheadar siar go parróiste Chill Gharbháin sara raibh an chlann tógtha i n-aon chor. D'fhanadar thiar. Is deacair a rádh le cruinneas cathin a thuit an méid sin amach, ach deallruigheann an sgéal go rabhadar gabhtha siar roinnt bhlianta sara dtáinig an Gorta Mór.

Lch 7

Is áirithe gur folcadh Pead i dtobar na naoi mbéithe, mar thosnuigh sé ar fhilidheacht a dhéanamh sara raibh sé in' fhear i n-aon chor, geall leis. 'Na theannta san, ana-cheoltóir ab eadh é: sheinneadh sé an fheadóg agus an phíob mhór ar fheabhas an domhain. Bhí driotháir aige ar n-a dtugthí Domhnaillín an éadain, agus file ab eadh é, leis, i dtaobh is nár bhac sé puinn le filidheacht.

Mar bharr ar an dá bhuadh a bhí ag Pead–más bárr is cóir a thabhairt air,–do bhí buadh leighis aige, le neart orthaidheacha. Bhí ana-ghlaodhach ar an gcéird sin sa tseana-shaoghal, mar ní raibh aon ádhbhar dochtúirí ann. I súil na hórdóige a bhí an leigheas ag Pead. Leighiseadh sé teinneas fiacal, agus seó gearánta nách é, leis an órdóig. Deiridís nár ghádh dho ach clabhtóg baise a bhualadh ar sheana-staigín capaill a bheadh ar na pící leis an mbás nuair a dhéanfadh gillín groidhe cumasach luaimneach de.

Fear mór óil ab eadh é, agus b'fhearr leis taosgán dighe ná ladhar airgid mar dhíolaidheacht as a shaothar. D'fhág san bocht dealbh é, ach 'na dhiaidh san, nuair ná raibh bólacht ar chnoc aige, bhí suaimhneas ar sop aige.

Thagadh sé isteach go Cúil Aodha, treasna na gcnoc ó Chiarraighe, agus le binneas an cheoil sin do leanadh na daoine é. Cheap sé féin roinnt cheoil a bhí ana-oireamhnach don phíb agus don fheadóig.

Mar leis an bhfilidheacht, Gaoluinn a bhíodh aige i gcomhnuidhe. Ní hamhlaidh ná go raibh an Béarla i bhfaision an uair sin, agus filí eile ag callaireacht ar a ndícheall i mBéarla.

Ba mhinic a sgaoil Pead faobhar a theangan ar dhaoinibh, agus níor ghearradh gan fuil go dtí é, mar dáltha furmhór na bhfilí, de mhuinntir cháinte an bhaill seo dob eadh é.

Cheap sé gearra-chuid amhrán, cuid acu i bhfuirm aortha. Ní bheadh slighe anso dá leath, dá mbeidís go léir againn, ach is oth liom a rá ná fuilid. Geobhfar liosta na n-amhrán anso, agus d'iarfainn go bog agus go cruaidh ar léightheoirí An Mhúsgraighigh dóigh agus andóigh a chuardach féachaint an bhféadfaimís cur leis an liosta, nú an méid athá i n-easnamh ar chuid den na hamhráin a sholáthar sara mbeidh sé ró-dhéanach.

An Liosta

Seán Ua Cróinín