An Músgraigheach
Uimh. 8, Samhradh, 1945
Micí MacHugh agus an Fear Siubhail
Lch 10
Bhí fear anso uair éigin fadó gur bh'ainm do Micí MacHugh. Duine beag deas sásta a b'ea é, ná raibh ró-mhór, agus do bhí ana-cholamóir mná aige. Ní raibh puinn measa aice ar Mhicí;  do shamhla' sí gur bhreátha gach aon fhear eile do bhuaileadh uimímpe ná é.
Nuair imthigheadh Micí a baile do bhíodh ana-thabhairt amach ag an mnaoi 'na dhiaidh. Do chuireadh sí amach gairmsgoile á rádh go raibh Micí a baile agus go mbeadh ceol a's rinnce acu.
Do bhí fear siubhail ag glaodhach ann, agus do bhí aithne thar barr aige ortha. Do chodail sé ann go minic roimis sin, agus d'fhaghadh sé bheith istigh i gcomhnaidhe ón mnaoi pé uair a thiocfadh sé.
Mar seo tráthnóna, bhí sé ag déanamh ar an dtig ar puis-a'-tsiubhail, mar do bhí sé deimhnitheach go mbeadh suaineas cúpla lae aige ann, agus cé bhuailfeadh 'na choinnibh míle nú cúpla míle amach ón dtigh ach Micí, agus d'fhiafhra sé:
Airiú, a Mhicí, cá raghair?
mar chonnaic sé déanta suas é i gcóir bóthair.
Caithfe mé dul go Corcaigh,
adubhairt Micí, agus ní fhillfe mé go tráthnóna amáireach. Fan-se im dhiaidh go dtaga mé abhaile, agus bíodh súil agat i ndiaidh na mbó agus gach éinní.
Do bhí ana-chion ag an mbacach ar Mhicí, agus do bhí fhios aige go mbeadh ana-oidhche 'na dhiaidh sa bhaile. Agus 'na dhiaidh san ní fhéadfadh sé é rádh leis. Seo mar a tháinig sé tímpal air.
Ná himthigh i n-ao'chor anocht, a Mhicí,
adubhairt sé, ach tair liom-sa, mar tá gnó agam díot.
Do dhein sé rud air: do chasadar araon i dtreo an bhaile airís. Bhí doircheacht na hoidhche ag teacht, agus nuair a thánadar comhgarach don tigh:
Bí anso istigh sa mhála chúm go tapaidh,
adubhairt an bacach, agus ná labhair smiog.
Do dhein chomh maith. Do bhuail an bacach an mála ar a dhrom agus isteach leis. Ní raibh éinne istigh roimis bhíodar ag crúdh na mbó; agus bhuail sé an mála agus a raibh ann isteach fén staighre.
Ba gheairid gur bh'shiúd chuige isteach bean-a'-tighe, agus d'fháilthi' sí roimis, agus do dhíri' sí ar bheith ag stúáil agus ag sguabadh agus ag glanadh suas. Dhein sí cúpla císte milis, agus do buaileadh síos citeal agus teine bhreá fé, agus do bhí an hót-hótum go léir ar siubhal aice i gcóir na hoidhche.
Níor leog an bacach pioc air, ach bhí sé ag faire agus ag éisteacht.
Lch 11
Ba ghearr gur dhírig an tigh ar a bheith ag líonadh isteach. Tháinig an buachaill aimsire agus cúpla buidéal fuisgí aige, agus bhuail sé ar an mbórd iad, agus do dhírig an t-ól agus an racsam ar fuaid an tighe. Bhíodar ag slogadh an fhuisgí. Do fuair bean-a'-tighe gloine le n-ól. D'ól sí sláinte na cuileachtan, agus
A Mhicí MacHugh,adubhairt sí,
Tánn tú imthighthe chun siubhail;
Siní do shláinte,
Is go brách nár thigir chúinn.
Am basa, do labhair an bacach láithreach nuair airi' sé an méid sin. Cheap sé go raibh an sgéal dulta fada a dhóthin.
A Mhicí MacHugh,adubhairt sé,
Má airighis é siúd,
Amach as an mála,
Go bhfáisgfe tú chúinn.
Do phreab Micí amach as an mála láithreach. Thuiteadar i gceann a gcos le hanaithe, agus pé áit riamh go bhfeacaidh duine liúdaráil bhatarála, do fuair a raibh istig é ó Mhicí agus ón mbacach.
Geallaim-se dhuit ná raibh aon fhéasta aice as san amach, peoca bhí Micí amuich nú i mbaile; agus nách lugha ná ghlaoidh an fear siubhail chúithe, mar is maith a bhí fhios aige ná beadh aon fháilte roimis.
Donnchadh Ó Cróinín do sgríg. A mháthair féin d'innis.
- An Músgraigheach 8: Clár
- An Músgraigheach: Leathanach Fáiltithe