Nuisceacha
Cúrsaí teangan
Coláiste na hOllscoile, Corcaigh: Dámh an Léinn Cheiltigh
Tá neart abhair thagartha agus acfuinní foghlama curtha ar líne ar an láithreán so. I measc a bhfuil ann tá cnósach focal Gaelainne agus innéacsanna imtheachtaí. Cuid den Dáimh seo is ea:
Cuid de Dhámh an Léinn Cheiltigh is ea Roínn na Seanndálaíochta, Roínn na Staire agus Roínn an Bhéaloideasa leis.
Cork Irish
Láithreán athá tiománta d'fhoghlaim Ghaelainn Chorcaí (Gaelainn Mhúsgraí go háirithe) agus do dhiospóireacht i dtaobh cúrsaí na Gaelainne trí chéile. Pléitear cúrsaí canúna is gramadaí ann, is tá 'cu sleachta as litríocht Mhúsgraí.
Tá téacs Mo Scéal Féin, leis an Athair Peadair Ua Laoghaire, acu, i dteannta taifead fuaime do a dhin Maighréad Uí Lionáird, dea-chainteoir dúchais ó Mhúsgraí.
TYI Munster
Grúpa díospóireachta is ea é seo. Foghlaim agus plé Ghaelainn Iarthar na Mumhan, bunaithe ar eagrán Dillon agus Uí Chróinín de Teach Yourself Irish. Cloíann an t-eagarán so go maith le Gaelainn Mhúsgraí don chuid is mó ach tá abhar ann don Duibhneach, don Déiseach agus do mhuíntir Uíbh Ráthaigh leis. Is m'nic ceisteanna aistriúcháin á bplé acu.
Eagrais agus institiúidí áitiúla
Acadamh Fodhla
Ag cur scoláireachta agus tuisceana ar an náisiún gaelach chun cinn.
Coláiste Ghobanatan
Meánscoil is ea Coláiste Ghobanatan, do bhuachaillí is do chailíní, is a fhreastlaíonn ar Bhaile Mhúirne is ar a' gceanntar mágúird. Tá sé suite ar an Magh Réidh. Gairmscoil Ghobnatan a bhí ann i dtosach. I mbliain a 1950 a bunaíodh í seo agus ní roibh inti ach aon tseomra amháin agus aon mhúinteóir amháin lánaimseartha. D'fhás agus d'fhorbair agus is coláiste nua-aimseartha atá inti iniubh. Tortha chomh-neascadh idir Choláiste Íosagáin, thiar, agus Gairmscoil Ghobnatan i mbliain a 1989 is ea Coláiste Ghobnatan.
iGaeilge
Bleag de chuid an tsaor-iriseóra, Conchubhar Ó Liatháin as Cúil Aodha. Ainilís agus tráchtaireacht ar chúrsaí reatha agus nuachta is mó a bhíonn aige ar siúl.
iMuscrai
Tionscnamh de chuid Comharchumann Forbartha Mhúscraí is ea iMuscrai. Bunaíodh an comharchumann so ar mhaithe le cur chun cinn na teangan agus ghnéithe eile de chultúr cheanntair Mhúsgraí.
Ionad Cultúrtha
Ar an Magh Réidh, i mBaile Mhúirne, athá an tIonad lonnaithe. Cur chun cínn an ealaí, ar ard-chaighdeán, agus suím do mhúiscilt ann. Bíonn ranganna, ceardlanna, ceolchoirmeacha, tispeántais rínnce chomh-aimseartha agus tispeántaisí ealaí acu ar siúl. Is i nGaelainn a reachtáilthear na himtheachtaí seo go léir.
Meitheal Mhúscraí
Cur chun cínn Cheantar Mhúsgraí Uí Fhloínn aidhm Mheithil Mhúscraí. I measc a gcuid gníomhaíochtaí tá fiúnntar is fostaíocht, forbairt pobail, buneagar is tímpeallacht, an óige, oideachas is oiliúint agus seirbhísí pobail. Tá Meitheal Mhúscraí lonnaithe san Ionad Áise, i Reidh na nDoirí.
Ar fuaid na Mumhan
- Corca Dhuibhne
- Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne
- Oileán Chléire
- Comharchumann Oileán Chléire
- Rínn Ua gCuanach
- Comhlacht Forbartha na nDéise
- Uíbh Ráthach
- Comhchoiste Ghaelthacht Uíbh Ráthaigh