Ranna
Do Ghoibh mo Chat-sa
Do ghoibh mo chat-sa go tigh chat Gharsail
is do ghoibh cat Gharsail ar mo chat-sa.
Cár chóra dom chat-sa gabháil ar chat Gharsail
ná do chat Gharsail gabháil ar mo chat-sa?
Do Leag Cearc Uisce
Do leag cearc uisce pic uisce le cor coise cois coise na teorann.
An t-é a Thabhrfadh Gal Dom
An t-é a thabharfadh gal dom, is gal aige, is gan aon ghal agam,
do thabharfainn gal do, is gal agam, is gan aon ghal aige,
ach an té ná tabharfadh gal dom, is gal aige, is gan aon ghal agam,
ní thabharfainn gal do, is gal agam, is gan aon ghal aige.
A Chailín Áluinn
A chailín áluinn bhláthmhar shocair,
tá lúb ar lár i sáil do stoca.
Téir-se láithreach 's din é stopadh
nú gheo' tú náire i lár a' phobail
D' Imigh mo Chúl
D' imigh mo chúl a bhí go deas.
D' imigh an blas a bhí i m' phóig.
D' imigh mo lua agus mo neart,
is dhineas mo mhún i m' bhróig.
Siobhán Chráiteach
Siobhán Chráiteach an chráin bhuí,
nar nígh a cosa le dhá mhí,
is a théann a chodhladh le sáimhraíocht,
agus balaithe an chaca ósna bálthaíbh.
Seana-bhean Chríonna
Seana-bhean chríonna de chlainn Labhráis,
Tháini' sí a' rinnce go dtí an Guagán.
Thit sí de charraig is caitheadh le splainnc í
Is deineadh císte dhi thíos ar an móinteán.