Músgraí.com

Fáilthe go Músgraí

Seanachas

Rannscéaltha ar Eón Rua

Tógtha síos ó Mháire Ní Chéileachair, Gleann, Doirín Álainn, c.1980. Óna hathair féin agus ó chainteoirí eile an bhaill a fuair sise é agus í a' dul ar scoil.

  1. Bhí Eón Rua ag obair do fheirmeoir lá. Chuir an feirmeoir amach é a' scaipe síl lena láimh. Seo mar a duairt sé agus é a' scaipe:

    A haon, gan séan ort mar iomaire ghuirt,
    Is an tarna haon go léir nár thagair go tiubh,
    An tríú haon, léan agus scaipe ar a shliocht,
    Is an ceathrú haon, an chaor go leagaig a thig.

  2. Bhí Eón Rua istig i dtig lá. Tháinig bacach isteach agus shuig sé síos os cóir na tine. I gciúnn tamaill duairt sé le hEón dul amach i gcóir ciseáin mhóna. Nuair a bhí sé ag teacht isteach duairt an bacach: Tá an file mar asal ag tarrac na móna chúinn. D'fhreagair Eón, agus duairt: Chun luirgne 'n bhacaig a bhreaca 'sea ceapag an mhóin ar dtúis.
  3. Bhí Eón ag siúinéireacht lá, agus ghoibh beirt shagart chuige. Duairt an sagart óg leis an sagart paróiste go gcuirfeadh sé speic ar Eón. B'fhearra dhoit gan é bhac, arsa an sagart paróiste. Be' sé ró-mhaith dhoit ar ao' chuma.

    Siúinéir ag obair go mall
    Is poc aige thall 's abhus

    ar seisean le hEón.

    Sagart agus Laidean 'na cheann
    Is a bholg go teann le puins

    arsa Eón. Bhí fiach-dubh istig sa pháirc is é ag screadaig. Cad tá á rá ag an bhfiach-dubh? ars an sagart óg le hEón. Duairt Eón:

    Nuair a thiocfaig an míol muar ar an moing
    Is an Fhrainnc ar Shliabh Mis,
    Nuair a chaillfig na sagairt an tsainnt
    Neósad doit cainnt an fhiach-duibh.

  4. Bhí Eón Rua ar stáisiún lá. Shuig sé ar charn móna a bhí ag bun a' tí. Canathaobh ná téann tú ar do ghlúinibh, a bhacaig? arsa an sagart paróiste leis. D'fhreagair Eón agus duairt sé:

    Ní hé an t-ainnise ba mheasa liom ná bheith thíos go deó,
    Ach an tarcaisne do leanann í thar meón,
    Má tá an tAthair-Mhac mar an Eaglais níl brí 'nár ngnó,
    Is ní fearra dhúinn an tAifreann ná suí ar an móin.

  5. Bhí Eón ar stáisiún eile lá, agus labhair an sagart paróiste agus duairt sé A' bhfuil Eón a' Mhéirín anso? Níl, arsa Eón á fhreagairt, ach Eón a' bhéil bhínn. Bhfuil na hathanta agat chó maith? arsa 'n sagart. Tá, arsa Eón:

    An chéad aithne dhíobh is fíor go n-oireann don chléir:
    Sara suíd chun búird ar chíos na hEagailse glaeid,
    Ar bhainise bíd ag ól fíona is leanna go craos,
    Is ní bhíonn acu suím i ndaoine ainnise an tsaeil.