Músgraí Uí Fhloínn
Athdhearadh
Dé bheatha id shláinte go láithreán Choiste Litríochta Mhúsgraí, athá á athdhearadh fé láthair.
Cuireadh cothrom le dáta é ar 10ú Mí na Beallthaine 2009.
Coiste Litríochta Mhúsgraí
Do cuireadh an Coiste ar bun i Mí na Feabhra (nú Mí na Féile Bríde - nú Mí na bhFaoide!) 2002 d'fhonn Gaelainn Mhúsgraí Uí Fhloinn, idir scrí agus labhairt, a shaothrú agus a chaomhnú, a's d'fhonn a dheimhniú ná leogfar i léig an cruinneas agus an saibhreas is dual do Ghaelainn Mhúsgraí.
Cuirimíd romhainn muarshaothar litríochta Mhúsgraí d'athfhoíllsiú de réir a chéile agus abhar teangan agus seanachais do chuir ar fáil ar an láithreán so. Ina theannta san, tá sé ar na bioráin againn acfuinní leictreonacha teangan do chuir leis an láithreán amach san aimsir.
Ag teacht lenár sprioc i dtaobh na teangan, measadh nár chóir dhúinn ' bheith ceangailthe go daingean ag ortagrafaíocht Ghaelainn a' Chaighdeáin. Shocraíomair ar litriú an láithreáin seo a ghléasadh, de réir mar is cuí, chun an leagan cainte Músgraíoch a léiriú don léitheoir. Seachnaítear, mar sin, foirmeacha a bhaineann le dúthaíbh eile; cuir i gcás 'Gaeilge', 'Gaeigle', 'Gaeilic', 'Gaeltacht', 'Baile Bhuirne', 'Baile Bhúirne', 'freisin', 'fosta', 'fainic', 'faoi' agus 'Múscraí'. Sa tsli seo, is féidir foclóir agus foghraíocht na háite a léiriú tríd an téacs.
Foíllseacháin
Scéal mo Bheatha
Tá Scéal mo Bheatha, le Dónall Bán Ó Céilleachair, curtha in athchló againn agus tá sé ar díol anois. Is féidir é a cheannach ach teangabháil a dhéanamh línn.
Feirmeóir ó Chúil Aodha, i nGaelthacht Mhúsgraí Uí Fhloínn, ab ea Dónall Bán Ó Céileachair (1871 go 1950). Bhain sé leis an nglúin sin a thug togha na seana-Ghaelainne leó ón gcliabhán: óna muíntir, ó lucht scoraíochta, óna gcómharsain, ó bhacaigh, ó fhilí agus ó scéalaithe. Sa ré sin na mbeathaisnéisí Gaelthachta d’áitimh an scoláire Gearóid Ó Murchú air scéal a bheatha féinig a thabhairt uaidh, rod a dhein.
I dtaobh agus gur beag taisteal a dhin sé agus gur beag iúnadh a ch'naic sé, tugann sé cur síos tainneamhach i nGaelainn nádúrtha ar a bhfeaca sé i rith a shaeil — athruithe ar bhia, ar obair agus ar éadach, cúrsaí polaitíochta agus athbheóchaint na Gaelainne. Is soghluaiste an meón a léirítear dúinn agus é ag eachtraí dhúinn.
Ba gheal le Múscraígh agus le léitheóirí Gaelainne riamh an leabhar so agus is mithid é a bheith le léadh ag an ndream óg, ná fuil taithí acu ar an gcló Gaelach.
Eachtra Phinoccio
Tá roinnt cóipeanna den leabhar so — an chéad cheann a fhoíllsíomair — ar fáil fós.
Dob é Carlo Lorenzini a scrígh Le Avventure di Pinocchio, fén ainm chleite 'Carlo Collodi', i mbliain a 1883. Pádraig Ó Buachalla a chuir i nGaelainn an scéal san, Eachtra Phinocchio, sa mbliain a 1933. Níl aon dabhat ach gur seod é de chuid litríocht na Gaelainne é. Bhí riar teangacha ar a thoil ag an mBuachallach, an Iodáilis ina measc, agus is díreach ó leagan Lorenzini a shaotharaigh sé an leagan seo, a chuireann Gaelainn bhlasta Mhúsgraí Uí Fhloínn ar fáil don léitheoir. Cainteoir dúchais bínn, cruínn, cumasach ab ea an Buachallach, agus is aige a bhí foclóir fairseag.
B'as Cúil a' Mhothair, baile fearainn i mBaile Mhúirne, do Phádraig. Tar éis báis a athar, d'imi' sé leis go San Fransisco, mar a d'fhoghlaim sé Iodáilis, Faincis agus Spáinis, agus rith leis slí bheatha a bhaint as múineadh na dteangacha san. Tímpeall bliain a 1930, d'fhíll sé ar a' bhfód dúchais agus chrom ar Eachtra Phinocchio do scrí.
Do dineadh roinnt claochlaithe sa tarna leagan, a foíllsíodh i mbliain a 1936. Tá roinnt claochlaithe eile, de chuid an Bhuachallaigh féinig, curtha ar fáil sa leagan comórtha 70 bliain seo den leabhar, agus is í seo an chéad uair riamh i gcló iad.
Agus an leagan so á réiteach againn, tugadh litriú an téacsa cothrom le dáta, ach ar slí a léiríonn meas ar Ghaelainn an údair agus an phobail lenar bhain sé. Dá thoradh san, más saibhir, blasta, Músgraíoch é an scéal, is féidir le éinne a bhfuil Gaelainn cuíosach maith acu tainneamh do bhaint as.
Ní foláir tagairt do dhéanamh do léaráidí gleoite Roberto Inoccenti, leis. Is muar an draíocht is an breáthacht a chuireann siad leis an scéal.
Féilire Mhúsgraí Uí Fhloínn
Foíllseachán bliantúil an Choiste. Baintear tairbhe as féilire falla chun míreanna de sheanachas agus de bhéaloideas na dúithí a chur ar fáil — eolas ar theangain, ar stair, ar chulthúr agus ar dhaoine.
Roghnaítear téarma fé leith do gach eagrán agus shocraíomair ar Bhailiúchán na Scol a bhlaiseadh i mbliana. Roghnaíodh míreanna a fuairtheas is gach scoil a bhí ar oscailth i nGaelthacht Mhúsgraí an uair sin. Gabhaimíd míle baochas leis an Dochtúr Ríonach uí Ógáin agus Cartlann Bhéaloideas Éireann as cead chun abhar athá sa chartlann úd a úsáid.
- Féilire 2009: Bailiúchán na Sgol
- Féilire 2008: Amhránaithe
- Níor foíllsíodh aon fhéilire i 2007
- Féilire 2006: Baíll sa Litríocht
- Féilire 2005: Scríbhneoirí
Músgraí Uí Fhloínn
Ceanntar Gaelthachta is ea Músgraí Uí Fhloinn (nú Gaeltacht Mhúscraí
, mar a tugtar go m'nic air) athá suite i lár/iarthar Chúndae Chorcaí, idir Magh Chromtha is Cíll Áirne. Sa dúthaigh seo athá Baile Mhúirne, Cíll na Martra, Cúil Aodha a's Réidh na nDoirí. (I gceanntar Uíbh Laoghaire athá Béal Átha 'n Ghaorthaidh, i ndeisceart Mhúsgraí.)